LÍONRA EPAS

Le tuairim is 2 000 Scoil Ambasadóra dheimhnithe de chuid Pharlaimint na hEorpa, 5 000 múinteoir ceaptha mar ambasadóirí sinsearacha agus beagnach 35 000 dalta mar ambasadóirí sóisearacha, tugann an líonra deis iontach do scoileanna dea-chleachtais a mhalartú agus comhoibriú i gcur chun feidhme an chláir. Is cuid de phobal níos leithne é Líonra na Scoileanna Ambasadóra a oibríonn i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, go háirithe tríd an ardán le chéile.eu. Tugann an líonra deis do scoileanna a bheith rannpháirteach i raon leathan gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, ag a hOifigí Idirchaidrimh agus ag a comhpháirtithe institiúideacha, agus chun ceangal a dhéanamh le heintitis éagsúla Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla agus le heagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta .

Íoslódáil liosta na Scoileanna Ambasadóra - (PDF - 1 MB) (open in new window)

N/A

Lean ár gcainéal Facebook!