CLÁR & ÁBHAR

Clár an lae

Freastalóidh rannpháirtithe ar Euroscola ar an láthair fhisiciúil, i seomra tionóil Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus ar líne, trí bheoshrutha agus ar ardáin idirghníomhacha ar líne.

Mar chuid de chlár na maidine, beidh oscailt oifigiúil ag Uachtarán na Parlaiminte, seisiún ceisteanna agus freagraí le Leas-Uachtarán, agus ‘Saotharlann Nuálaíochta’, áit do dhaltaí a gcuid smaointe ar ábhar an tseisiúin a roinnt le saineolaí ó Pharlaimint na hEorpa, agus a ndéanfar vótáil chríochnaitheach air. Seans go mbeidh aíonna speisialta i láthair freisin. Moltar do rannpháirtithe ceisteanna a chur, trí fhíseán beo ar Interactio do dhaltaí ar líne, go díreach sa seomra tionóil do dhaltaí atá i láthair sa Pharlaimint in Strasbourg, nó i bhfoirm scríofa trí Slido do gach duine a fhreastalaíonn. Maireann seisiún na maidine ó 10.00 am go 12.30 pm.

Ní chuirfear clár na hiarnóna ar fáil ach do rannpháirtithe a bheidh ar an láthair. Beidh an seisiún sin dírithe ar chluiche ionsamhlúcháin maidir le nós imeachta reachtach an Aontais Eorpaigh.

Faigh amach faoin gclár agus faigh tuilleadh sonraí chun lántairbhe a bhaint as do thaithí Euroscola!

Programme 24/01/2025 Clár 26/04/2024 Programme 28/01/2025 Clár 26/04/2024 Programme 07/02/2025 Clár 26/04/2024 Programme 14/03/2025 Clár 26/04/2024 Programme 20/03/2025 Programme 20/03/2025 Programme 28/03/2025 Programme 28/03/2025 Programme 02/05/2025 Programme 02/05/2025