Féach ar bhuaiteoirí Eorpacha eagrán 2024.
Tá na hiarratais dúnta faoi láthair.
Faoin Duais
Is gradam í an duais a dhéanann Parlaimint na hEorpa i gcomhpháirt le Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne in Aachen a reáchtáil, agus leagtar béim leis an duais ar thionscadail daoine óga chun an daonlathas a neartú agus chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach.
Conas iarratas a dhéanamh?
An bhfuil tú i do chónaitheoir san Eoraip, idir 16-30 agus ag obair ar thionscadal a chuidíonn le múnlú na hEorpa? Thiocfadh leat a bheith ar an mbuaiteoir de Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige! Cuir iarratas isteach le do thionscadal, faigh suas le €7500, agus faigh an cuidiú is gá chun do thionscamh a fhorbairt tuilleadh.
Buaiteoirí Dhuais Charlemagne don Óige roimhe seo
Tá an Duais ag tacú le tionscadail spreagúla daoine óga ar fud an Aontais. Gach bliain roghnaíonn coistí roghnúcháin náisiúnta agus Eorpacha 27 dtionscadal náisiúnta, ceann ó gach Ballstát, agus tugtar cuireadh do na 3 cinn is fearr san Eoraip freastal ar shearmanas bronnta in Aachen.
Ceisteanna coitianta faoi Dhuais Charlemagne don Óige
Cuideoidh na ‘ceisteanna coitianta’ leat freagraí a fháil ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat faoi Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige agus faoina nós imeachta iarratais.
GLAC PÁIRT SA PHLÉ AR NA MEÁIN SHÓISIALTA TRÍD AN HAISCHLIB #ECYP2024 A ÚSÁID
Karlspreis - Twitter
Karlspreis - Instagram
Karlspreis - Facebook
ep_eye - Instagram
europarl_eye - Twitter
ECYP - Facebook
Tá fáilte romhat ríomhphost a sheoladh chugainn - youth@europarl.europa.eu (Beartas príobháideachais)