CONAS PÁIRT A GHLACADH ANN

An chéad chéim: bí i do bhuaiteoir ar phróiseas náisiúnta roghnúcháin!

Is iad Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa a eagraíonn an nós imeachta roghnúcháin agus féadfaidh an nós imeachta athrú de réir do Bhallstáit. Tá idir thíortha iarrthacha agus iar-Bhallstáit AE i dteideal páirt a ghlacadh ann. Más mian leat iarratas a chur isteach agus tuilleadh eolais a fháil ar an nós imeachta roghnúcháin agus aisíocaíocht costas taistil a fháil, déan teagmháil le d’Oifig Idirchaidrimh áitiúil:

I dtosach báire, áfach, aimsigh do thír ar ár liosta le cur isteach ar an bpróiseas:

An dara céim: clárú

A luaithe a bheidh an comórtas náisiúnta buaite ag do scoil, is féidir leat clárú don imeacht. 

An tríú céim: Déan do chuid obair bhaile roimh an lá mór!

Chun lán-taitneamh a bhaint as clár Euroscola, caithfidh scoláirí a bheith ar an eolas faoi na nithe bunúsacha maidir leis an gcaoi ina n-oibríonn an tAontas Eorpach agus maidir leis na polasaithe a bheidh á bplé acu sna ceardlanna. Ní chaithfidh tú a bheith i do shaineolaí ach beidh tú níos compordaí le beagán réamheolais agus beidh tú in ann taitneamh a bhaint as an eispéaras mar: fhíor-Fheisire Eorpach! Caith súil ar an doiciméad ullmhúcháin do na seisiúin Euroscola eile chun cabhrú leat ullmhú.

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le linn sheisiún Euroscola

LEAN SINN AR NA MEÁIN SHÓISIALTA