Conas a dhéanaim iarratas?

Féach ar bhuaiteoirí náisiúnta eagrán 2024.

Tá na hiarratais dúnta faoi láthair.

Conas a dhéanaim iarratas?

An bhfuil tusa i do chónaitheoir san Aontas Eorpach, an bhfuil tú idir 16-30 bliain d'aois agus an bhfuil tú ag obair ar thionscadal Eorpach? Má tá, d’fhéadfá Duais Eorpach Charlemagne don Óige a bhuachan! Cuir iarratas isteach le do thionscadal, faigh suas le €7500, agus faigh an cuidiú is gá chun do thionscamh a fhorbairt tuilleadh. Gach bliain, déanann Parlaimint na hEorpa agus Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne in Aachan Duais Eorpach Charlemagne don Óige a bhronnadh ar thionscadail spreagúla atá ag múnlú na hEorpa, ar tionscadail iad arna reáchtáil ag daoine óga ó gach cearn den Aontas Eorpach.

Amchlár do 2024

  • Seoltar an comórtas an 18 Eanáir 2024
  • 12. Feabhra 2024: spriocdháta chun tionscadail a chur isteach
  • 20. Márta 2024 fógairt na mbuaiteoirí náisiúnta
  • 7. Bealtaine 2024: Searmanas bronnta in Aachen

Na rialacha

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, déan cinnte go bhfuil an leagan iomlán de rialacha Dhuais Charlemagne don Óige léite agat. I gcás na dtionscadal nach gcomhlíonann na critéir atá sonraithe sna rialacha ní chuirfear iad san áireamh le haghaidh meastóireachta.

Ní mór do na tionscadail na critéir seo a leanas a chomhlíonadh chun cáiliú don duais:

1. Ní mór dóibh a léiriú gur bhain siad gaiscí amach sna réimsí seo a leanas:

  • Tuiscint agus comhar a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus go hidirnáisiúnta araon, bunaithe ar luachanna daonlathacha (amhail, mar shampla, urraim do dhínit an duine, saoirse, comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine);
  • Tuiscint choiteann ar fhéiniúlacht agus lánpháirtiú Eorpach a chur chun cinn;
  • Daoine óga eile san Eoraip a spreagadh chun páirt a ghlacadh inár ndaonlathas;
  • Samplaí praiticiúla a thairiscint d’Eorpaigh ag maireachtáil le chéile mar phobal.

2. Ní mór dóibh a bheith curtha isteach ag duine óg atá ag cónaí i gceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh agus a bheith idir 16 agus 30 bliain d’aois ar dháta an iarratais.

Faigh spreagadh ó dhaoine a bhuaigh an duais roimhe seo lena dtionscadail.

Critéir dhámhachtana

Déanfar meastóireacht ar na tionscadail de réir na gcritéar seo a leanas:

  • Cé chomh maith is a baineadh amach cuspóirí na duaise;
  • Cruthaitheacht agus úrnuacht an tionscadail, lena n-áirítear tionscnaimh nuálacha;
  • Tabharfar tús áite do thionscadail a bhfuil gné thrasnáisiúnta ag baint leo (a raibh daoine óga páirteach iontu ó níos mó ná Ballstát amháin)

Nós imeachta roghnúcháin

Déantar an roghnúchán in dhá chéim. Ar dtús, déanann an coiste roghnúcháin náisiúnta i ngach Ballstát an tionscadal náisiúnta is fearr a roghnú. Ansin, as measc na 27 dtionscadal náisiúnta a roghnaítear, beartaíonn an coiste roghnúcháin Eorpach ar na trí thionscadal Eorpacha is fearr.

Tá an coiste roghnúcháin i ngach Ballstát déanta suas de bheirt Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus ionadaí ó earnáil na hóige, agus roghnaítear an coiste sin gach bliain. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an nós imeachta roghnúcháin náisiúnta i do Bhallstát féin, bí i dteagmháil le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i do thír féin.

Tá an coiste Eorpach roghnúcháin, a roghnaíonn an triúr buaiteoirí Eorpacha, comhdhéanta de na daoine seo a leanas:

  • Uachtarán Pharlaimint na hEorpa;
  • Beirt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa;
  • Triúr ionadaithe ó Fhondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne in Aachen;
  • Beirt ionadaithe ó earnáil na hóige (lena n-áirítear daoine a bhuaigh an duais roimhe seo).

Ní bheidh aon dul thar chinneadh an choiste roghnúcháin Eorpaigh.

An duais

  1. Gheobhaidh na trí thionscadal bhuaiteacha Eorpacha na dámhachtainí seo a leanas: €7,500 don chéad áit, €5,000 don dara háit, agus €2,500 don tríú háit.
  2. Tugtar cuireadh d’ionadaithe ó gach tionscadal náisiúnta a bhuaigh ar bhonn náisiúnta freastal ar shearmanas bronnta Dhuais Charlemagne don Óige in Aachen.
  3. Mar chuid den duais, tabharfar cuireadh do na buaiteoirí Eorpacha cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa (sa Bhruiséil nó in Strasbourg).
  4. Tabharfar deis d’ionadaí amháin ó gach duine den triúr buaiteoirí Eorpacha seal oiliúna Schuman a fháil i bParlaimint na hEorpa. Ba cheart d’ionadaí a ainmneofar chun tabhairt faoin seal oiliúna a bheith mar chuid de chroífhoireann an tionscadail a bhuaigh agus critéir incháilitheachta uile na scéime oiliúna a chomhlíonadh. D’fhéadfaí tabhairt faoin seal oiliúna an 1 Deireadh Fómhair nó an 1 Márta sa 12 mhí tar éis bhronnadh na Duaise. Cuirfear sonraí faoin deis seo in iúl go díreach do na tionscadail náisiúnta is buaiteoirí roimh an Searmanas Bronnta.

Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil linn ag youth@europarl.europa.eu.  (Beartas príobháideachais)

 

Cuir iarratas isteach ar Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige