CAD IS EUROCOLA ANN?

Ar clár Euroscola in Strasbourg, tugtar scoláirí atá 14 bliana d’aois ar a laghad le chéile ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, ó thíortha iarrthacha agus ó iar-Bhallstáit chun díospóireacht a dhéanamh, seasaimh a ghlacadh, dul i mbun caibidlíochta, tabhairt faoi leasuithe, vótáil a dhéanamh agus, ar deireadh, chun rúin a ghlacadh ar fhíor-shaincheisteanna Eorpacha. Tugtar deis do na scoláirí iad féin a chur ar an eolas faoi fheidhmiú na n-institiúidí Eorpacha, chun an daonlathas, cearta bunúsacha, luachanna Eorpacha a phlé agus a dtuairimí pearsanta a chur in iúl maidir leis na cinntí a dhéantar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Ní mór go mbeadh múinteoir nó oide in éineacht le scoláirí.

Euroscola ar líne

Bhunaigh Parlaimint na hEorpa an tionscadal Euroscola in 1990, rud a thug deis do na céadta mílte scoláirí meánscoile páirt a ghlacadh i gcleachtadh ionsamhlúcháin ar obair na bhFeisirí.

Tagann daoine óga le chéile le haghaidh pictiúr laistigh de Sheomra Tionóil fhoirgneamh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.