Ceisteanna coitianta faoi Dhuais Charlemagne don Óige

  1. Bíonn tionscadail á lorg againn a dhéanann: comhthuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn; féiniúlacht choiteann Eorpach agus lánpháirtiú Eorpach a chur chun cinn; daoine óga eile san Eoraip a spreagadh chun páirt a ghlacadh inár ndaonlathas; samplaí praiticiúla a thairiscint d’Eorpaigh ag maireachtáil le chéile mar phobal.

    Is féidir le do thionscadal a bheith in aon fhoirm is mian leat. Mar shampla, d’fhéadfadh sé díriú ar eagrú imeachtaí óige éagsúla amhail (ach gan a bheith teoranta do) malairtí óige, cluichí spreagtha, féilte polaitiúla óige, taispeántais, oiliúint, tionscadail ar líne, nó nithe eile comhchosúla. Tá an tsaoirse agat le bheith cruthaitheach agus creatlacha nua a úsáid do do thionscadal, chomh fada is a chomhlíonann siad na critéir atá luaite.

    Maidir le tionscadail nach bhfuil incháilithe, féach ceist 2.

  2. Níl na tionscadail seo incháilithe do Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige:

    a. Tionscadail atá ag céim na pleanála nó ag na chéad chéimeanna den chur chun feidhme nach féidir aon torthaí a fháil uathu ag tús an nós imeachta um iarratas;

    b. Tionscadail ó dhaoine aonair atá ag obair le hinstitiúid Eorpach nó le Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen;

    c. Tráchtais agus foilseacháin acadúla;

    d. Tionscadail a fuair duais cheana a bhronn institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht Eorpach;

    e. An triúr buaiteoirí Eorpacha deiridh ar na babhtaí roimhe seo de Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige;

    f. Gníomhaíochtaí arb é brabús a dhéanamh an príomhchuspóir atá acu;

    g. Gníomhaíochtaí eagraíochtaí rialtais.

    Más rud é go gcuimsítear do thionscadal faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí sin, ní bheidh do thionscadal incháilithe le haghaidh duaise.

  3. Is féidir. Mar sin féin, tabhair faoi deara nach mór don tionscadal a bheith aibí a dhóthain ionas gur féidir leis an mbord roghnúcháin meastóireacht a dhéanamh ar a thorthaí. Más rud é, mar shampla, nach bhfuil do thionscadal ach díreach tosaithe le déanaí nó mura bhfuil ann ach smaoineamh go fóill, molaimid duit é chur isteach ar chomórtas na bliana seo chugainn.

  4. Níl. Má tá níos mó ná tionscadal amháin le cur isteach ag iarratasóirí, is féidir leo an oiread tionscadal agus is mian leo a chur isteach. Mar sin féin, níor cheart tionscadal a chur isteach ach aon uair amháin. NÍ FÉIDIR an tionscadal céanna a chur isteach in dhá thír éagsúla nó níos mó.

  5. Chun do thionscadal a chur isteach, téigh chuig an bhfoirm iarratais ar líne.

    Is féidir leat an t-iarratas a líonadh in aon cheann de theangacha an Aontais Eorpaigh, agus is féidir leat doiciméid agus pictiúir a léiríonn an tionscadal a uaslódáil.

  6. 12 Feabhra 2024 (23:59:59 CET) 

  7. Is faoi fhoireann an tionscadail an cinneadh sin a dhéanamh. I roinnt cásanna, féadfaidh an ceann foirne, bainisteoir cláir, oifigeach cumarsáide nó fiú gnáth-rannpháirtí é sin a dhéanamh. Tabhair faoi deara, chun a bheith incháilithe, ba cheart d’iarratasóirí a bheith ina gcónaitheoirí i mBallstát AE agus a bheith idir 16 agus 30 bliain d’aois.

  8. Tá an fhoirm iarratais ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

  9. Más rud é nach bhfuil an tionscadal ar siúl ach i mBallstát amháin, ba cheart duit é a chur isteach sa Bhallstát sin.

    I gcás tionscadal trasnáisiúnta (atá á chur chun feidhme i níos mó ná Ballstát amháin, nó a bhfuil rannpháirtithe ann ó roinnt Ballstát), ba cheart an tionscadal a chur isteach i mBallstát amháin - an Ballstát is mó a bhfuil nasc aige leis an tionscadal. Is faoin iarratasóir an cinneadh sin a dhéanamh.  Ní féidir le hiarratasóir a thionscadal a chur isteach ach in aon Bhallstát amháin.

  10. Is féidir. Más rud é nach raibh an tionscadal i measc na dtrí bhuaiteoir deiridh ar bhabhtaí roimhe seo den Duais, is féidir an tionscadal sin a chur isteach arís. Mar sin féin, ós rud é gur duais bhliantúil í an Duais, ní chuirfear san áireamh tionscadail a bhí incháilithe don eagrán roimhe seo agus a tugadh chun críche bliain ó shin. Is féidir leis na heagraíochtaí céanna iarratas a dhéanamh leis an tionscadal nua a cuireadh i bhfeidhm i mbliain na Duaise.

  11. Ní féidir. Molaimid duit d’iarratas a ullmhú as líne agus na sonraí a lorgaíodh a chur ar fáil, agus ansin is féidir leat cóip den iarratas a uaslódáil ar an bhfoirm iarratais ar líne.

  12. Is gá. Ní mór duit d’iarratas a chur isteach in aon iarraidh amháin mar nach féidir iarratas a shábháil agus teacht ar ais chuige níos deanaí. Molaimid duit d’iarratas a ullmhú as líne agus na sonraí a lorgaíodh a chur ar fáil, agus ansin is féidir leat cóip den iarratas a uaslódáil ar an bhfoirm iarratais ar líne.

  13. I gcás cur síos amháin is achoimre ghearr é ar do thionscadal. Ba cheart don achoimre sin a bheith i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis, agus ar an gcaoi sin beidh Rúnaíocht na Duaise in ann tagairt di i gcomhfhreagras leat ina dhiaidh sin maidir le do thionscadal.

    Féadtar an cur síos iomlán ar an tionscadal a scríobh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Bainfear úsáid as an gcur síos sin chun an tionscadal a mheas, agus mar sin ba cheart go léireodh seo, maidir le do thionscadal, go bhfuil: comhthuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta á cur chun cinn; féiniúlacht choiteann Eorpach agus lánpháirtiú Eorpach á gcur chun cinn; daoine óga eile san Eoraip á spreagadh chun páirt a ghlacadh inár ndaonlathas; agus samplaí praiticiúla á dtairiscint d’Eorpaigh ag maireachtáil le chéile mar phobal. Déanfaidh an coiste roghnúcháin meastóireacht freisin ar cé chomh maith is a baineadh amach na critéir sin, agus ar chruthaitheacht agus nuálaíocht an tionscadail.

    Sa tuairisc fhada, luaigh an méid seo a leanas le do thoil:

    • an chaoi a gcomhlíonann do thionscadal cuspóirí na Duaise
    • cad iad príomhchuspóirí agus cuspóirí sonracha do thionscadail, conas a bhainfear amach iad
    • cad é an spriocphobal atá agat
    • cad iad torthaí an tionscadail (a bhfuiltear ag súil leo nó atá bainte amach)
    • conas a scaipfidh tú an fhaisnéis faoin tionscadal
    • conas a thomhaisfidh tú mar a éiríonn le do thionscadail
    • cé mhéad duine a ghlac páirt sa tionscadal agus cé mhéad duine ar bhain sé amach
  14. Déanfaidh coistí roghnúcháin náisiúnta, déanta suas d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus d’ionadaithe ó eagraíocht náisiúnta óige, an buaiteoir náisiúnta a roghnú i ngach ceann de na Ballstáit laistigh de mhí amháin ón spriocdháta d’iarratais a chur isteach, agus ag an bpointe sin rachfar i dteagmháil leis na buaiteoirí chun iad a chur ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile.

    Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an coiste roghnúcháin Eorpach le chéile chun an triúr buaiteoirí Eorpacha a roghnú as measc na 27 mbuaiteoir náisiúnta. Fógrófar na buaiteoirí le linn an tSearmanais Bronnta in Aachen.

  15. Is iad Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit a fhógraíonn na buaiteoirí náisiúnta. Ina dhiaidh sin, téann foireann an Aonaid um Fhor-rochtain don Aos Óg i dteagmháil leis na buaiteoirí náisiúnta go léir le tuilleadh eolais a fháil

    Tabharfar cuireadh d’ionadaí amháin in aghaidh an tionscadail chun freastal ar Sheachtain na mBuaiteoirí in Aachen agus beidh siad in ann bualadh le chéile ansin, agus bualadh le hiarbhuaiteoirí na duaise Eorpaí. Is iad Parlaimint na hEorpa agus Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen a sheasfaidh na costais do na rannpháirtithe. Bronnfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Cathaoirleach Fhondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen teastas ar gach ionadaí tionscadail freisin.

    Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí náisiúnta uile fanacht i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa agus le Fondúireacht Aachen agus d’fhéadfaí cuireadh a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí don óige amach anseo.

  16. Roghnaíonn an giúiré Eorpach triúr buaiteoirí Eorpacha as 27 mbuaiteoir náisiúnta. Fógraítear an triúr buaiteoirí Eorpacha le linn an tSearmanais Bronnta in Aachen, áit a dtugtar cuireadh do na buaiteoirí náisiúnta go léir.

    An Duais do bhuaiteoirí na hEorpa:
    • Faigheann an chéad áit EUR 7500, an dara EUR 5000 agus an tríú EUR 2500
    • Mar chuid den Duais, tabharfar cuireadh don triúr buaiteoirí Eorpacha a dtionscadail a chur i láthair i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil nó in Strasbourg.
    • Mar chuid den Duais seo, bíonn deis ag an triúr buaiteoirí Eorpacha páirt a ghlacadh i gclár oiliúna Schuman de chuid Pharlaimint na hEorpa. Chun tuilleadh eolais a fháil air seo, léigh: Cad iad na rialacha maidir le seal oiliúna Schuman do bhuaiteoirí na hEorpa?

  17. Tabharfar deis d’ionadaí amháin ó gach duine den triúr buaiteoirí Eorpacha seal oiliúna Schuman a fháil i bParlaimint na hEorpa. Ba cheart d’ionadaí a ainmneofar chun tabhairt faoin seal oiliúna a bheith mar chuid de chroífhoireann an tionscadail a bhuaigh agus critéir incháilitheachta uile na scéime oiliúna a chomhlíonadh. D’fhéadfaí tabhairt faoin seal oiliúna an 1 Deireadh Fómhair nó an 1 Márta sa 12 mhí tar éis bhronnadh na Duaise. Cuirfear sonraí faoin deis seo in iúl go díreach do na tionscadail náisiúnta is buaiteoirí roimh an Searmanas Bronnta.

  18. Cuir isteach d’fhiosruithe faoin bpróiseas iarratais i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis, tríd an ríomhphost chuig youth@ep.europa.eu(Beartas príobháideachais)

frequently-asked-questions