AN ÓIGE
An bhfuil tú idir 16 agus 30 bliain d'aois? An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi ról Pharlaimint na hEorpa, bualadh le hEorpaigh óga eile nó páirt a ghlacadh sa díospóireacht pholaitiúil? Bí i dteagmháil le daoine eile, glac páirt agus faigh amach faoi thodhchaí atá lán de dheiseanna don óige.

EYE (IMEACHT EORPACH DON ÓIGE)
Bí páirteach sa EYE agus bí páirteach leis na mílte daoine óga eile as gach cearn den Eoraip. Déan nascadh, faigh spreagadh agus déan do thuairimí a mhalartú le gníomhaithe, le lucht tionchair agus le cinnteoirí. Feicfimid ann thú!
Local EYEs
Trí imeachtaí EYE áitiúla, tugtar an Eoraip níos cóngaraí do dhaoine óga agus tugtar EYE chuig do bhaile dúchais. Bí páirteach sa daonlathas Eorpach, buail le hEorpaigh óga eile agus cuir do thuairimí in iúl! Cuir eolas ar an am agus an áit ina mbeidh na chéad imeachtaí EYE eile ar siúl.

AN CLÁR UM SCOIL AMBASADÓRA
Más mac léinn meánscoile nó gairmscoile thú atá toilteanach níos mó a fhoghlaim faoin Aontas Eorpach, is féidir le do scoil iarratas a dhéanamh páirt a ghlacadh sa chlár seo, tús a chur le gníomhaíochtaí AE a eagrú i do scoil féin agus bheith i Scoil Ambasadóra de chuid Pharlaimint na hEorpa.

TRÉIMHSÍ OILIÚNA
An bhfuil tú ag iarraidh taithí oibre a fháil laistigh de cheann de na hinstitiúidí Eorpacha? Cuireann Parlaimint na hEorpa dhá chineál oiliúna ar fáil: Tréimhsí oiliúna sa Rúnaíocht (tréimhsí oiliúna Schuman) agus Tréimhsí Oiliúna le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

CLUICHE RÓLGHLACTHA
Cuir tú féin i mbróga Feisire trí chluiche idirghníomhach! Foghlaim faoi Pharlaimint na hEorpa agus faigh taithí ar conas is ceart ionadaíocht a dhéanamh ar shaoránaigh na hEorpa agus beartais a dhéanamh de vótaí.

Cainteanna don Óige ar líne
Buail le do ghrúpa ó pé áit ina bhfuil tú chun freagraí a fháil ar do cheisteanna faoi Pharlaimint na hEorpa.

LECHEILE.EU
Tá daoine cosúil leatsa ag seasamh an fhóid chun beart a dhéanamh le haghaidh todhchaí níos fearr a bhaint amach. Glac páirt sa phobal, bíodh sé trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil nó trí chabhrú le tábhacht na vótála a chur chun cinn. Cloisimis uait faoin Eoraip.

An Óige agus an tAontas - Suirbhé
Cuir eolas ar na tuairimí atá ag Eorpaigh óga faoin Aontas

POIST

CISTIÚ
Cuireann Parlaimint na hEorpa raon leathan deiseanna urraíochta ar fáil ionas gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh inár n-imeachtaí. Breathnaigh ar na riachtanais iontrála agus tosaigh ag pleanáil do do chéad eachtra Eorpach eile le cuidiú Pharlaimint na hEorpa!

TABHAIR CUAIRT AR PHARLAIMINT NA hEORPA
Is baile gach duine í Parlaimint na hEorpa. Má thagann tú go dtí an Bhruiséil, Strasbourg nó Lucsamburg, tabhair cuairt ar roinnt de na háiteanna is samhailtí amhail an Seomra Tionóil, Áras Stair na hEorpa nó an Parlamentarium. Agus tá tuilleadh ann!

CUAIRTEANNA STAIDÉIR
Ar mhaith leat cur le do chuid eolais ar lánpháirtiú na hEorpa trí chuairt staidéir a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa? Glac páirt i gceann de na cuairteanna staidéir i Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa nó i gCuairt Staidéir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

TUILLEADH DEISEANNA AE DON ÓIGE
Ar chuala tú riamh trácht ar na cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach? Ar mhaith leat tuilleadh deiseanna don óige a chuireann institiúidí eile de chuid an Aontais ar fáil a aimsiú? Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus faigh tuileadh eolais.

Turas digiteach go Parlaimint na hEorpa
Cuir eolas ar Pharlaimint na hEorpa i 360°, caith lá in éineacht le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus téigh ar d’aistear féin siar trí stair na hEorpa. Pé áit ina bhfuil tú. Pé uair is mian leat. Cuir tús leis inniu!