CC faoi Euroscola

Mura fhaigheann tú freagra oiriúnach, táimid i gcónaí sásta cabhair a thabhairt duit. Ach ar dtús, molaimid an leathanach seo a léamh.

  1. Léigh ár dtreoirlínte ar conas clárú ar Shuirbhé AE.

  2. Eagraíonn Foireann Euroscola (cuid de Sheirbhís na gComhdhálacha agus na gCuairteoirí, DG COMM) mar aon le teicneoirí, saineolaithe cumarsáide agus iriseoirí Euroscola Ar Líne.

  3. Beidh oifigigh ó Pharlaimint na hEorpa, mar aon le foireann beochantóirí gairmiúla, i gceannas ar dhaltaí a stiúradh tríd an gclár. Beidh an deis ag múinteoirí i rith an lae nó le linn cruinniú ar líne bualadh lena gcomhghleacaithe ó thíortha eile agus labhairt le hoifigigh na Parlaiminte.

  4. Is iad an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Pholainnis agus an Spáinnis na teangacha oibre.

  5. Tá Euroscola dírithe ar dhaltaí ón Aontas Eorpach atá sa mheánscoil agus atá idir 16-18 mbliana d’aois.

  6. Tugtar cuireadh d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa labhairt leis na daltaí.

  7. Is é an chéad chéim ná páirt a ghlacadh sa chomórtas náisiúnta.

  8. Is iad Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa a eagraíonn an nós imeachta roghnúcháin agus féadfaidh an nós imeachta athrú de réir do Bhallstáit. Tá idir thíortha iarrthacha agus iar-Bhallstáit AE i dteideal páirt a ghlacadh ann. Más mian leat iarratas a chur isteach agus tuilleadh eolais a fháil ar an nós imeachta roghnúcháin agus aisíocaíocht a fháil ar chostais taistil, déan teagmháil le d’Oifig Idirchaidrimh áitiúil:

  9. Cuireann an Pharlaimint deontas suntasach ar fáil do mheánscoileanna rannpháirteacha chun a gcostais taistil agus chóiríochta a chumhdach. Braitheann suim bheacht an deontais ar roinnt cúinsí éagsúla. Tá na meánscoileanna freagrach as a gcuid socruithe taistil féin a dhéanamh.