Acmhainní foghlama

Trína hacmhainní foghlama, tacaíonn Parlaimint na hEorpa le hoideoirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus iad ag cabhrú le daoine óga a gcuid eolais ar bhunchlocha an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, mar aon lena dtuiscint ar an méid a dhéanann Parlaimint na hEorpa agus ar an méid dá sheasann sí.

Dearadh an tsraith modhanna foghlama agus ceachtanna atá réidh le húsáid seo, atá curtha in oiriúint do dhaoine óga idir 11 agus 24 bliana d’aois, in éineacht le saineolaithe oideachais. Cuirfidh sé ar chumas foghlaimeoirí an saol daonlathach a fhiosrú, machnamh a dhéanamh air agus nascadh leis.

Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú conairí foghlama éagsúla chun daoine óga a threorú céim ar chéim, ó na bunghnéithe de phróiseas cinnteoireachta an Aontais a thuiscint go litearthacht sna meáin agus buiséad fadtéarmach an Aontais. An aidhm atá leis na conairí ná daonlathas na hEorpa a dhéanamh níos nithiúla agus níos gaire don saol laethúil.

  1. Cabhraíonn an lámhleabhar seo leat dul trí na hábhair go mear, agus na cinn chearta agus is oiriúnaí a aimsiú do na riachtanais atá agat féin agus d’aois, réamheolas agus comhthéacs oideachasúil na bhfoghlaimeoirí.

  2. Díríonn an chonair seo ar stair an Aontais Eorpaigh agus ar na croíluachanna a bhí mar bhonn leis. Is í seo a leanas ceist threorach na conaire seo: Cén fáth a n-oibríonn tíortha an Aontais i gcomhar le chéile?

  3. Díríonn an chonair seo ar dháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais. Is í seo a leanas ceist threorach na conaire seo: Idir an tAontas Eorpach, tíortha agus réigiúin an Aontais, cé atá freagrach, cad as a bhfuil siad freagrach, agus cén fáth?

  4. Díríonn an chonair seo ar na próisis chinnteoireachta san Aontas Eorpach agus ar ról Pharlaimint na hEorpa mar ionadaí na saoránach. Is í seo a leanas ceist threorach na conaire seo: Conas a dhéantar cinntí go daonlathach san Aontas Eorpach?

  5. Díríonn an chonair seo ar an tionchar a bhíonn ag cinntí an Aontais Eorpaigh ar shaol laethúil na saoránach. Dá réir sin, is í seo a leanas ceist threorach na conaire seo: Cén tionchar a bhíonn ag cinntí an Aontais Eorpaigh ar do réigiún agus ar do shaol laethúil?

  6. Díríonn an chonair seo ar scileanna litearthachta sna meáin a fhorbairt agus ar thuiscint a fháil ar an gcaoi a dtacaíonn Parlaimint na hEorpa leis sin, chomh maith leis an mbréagaisnéis a chomhrac chun an daonlathas a chosaint sa ré dhigiteach. Is í seo a leanas ceist threorach na conaire seo: Conas is féidir linn ár mbealach a dhéanamh i ndomhan atá ag éirí níos digití i gcónaí?

  7. Díríonn an chonair seo ar bhuiséad an Aontais, ar an gcaoi a gcaitear é, agus ar ról Pharlaimint na hEorpa ó thaobh é a ghlacadh. Is í seo a leanas ceist threorach na conaire seo: Cad is buiséad an Aontais ann agus cad iad na tosaíochtaí a mhaoinítear leis?