OIDEOIRÍ

An oideoir foirmiúil nó neamhfhoirmiúil thú? An bhfuil tú ag lorg gníomhaíochtaí, acmhainní oiliúna agus foghlama chun tuiscint níos fearr a thabhairt do do mhic léinn ar an Aontas Eorpach ar bhealach idirghníomhach? Faigh amach faoi chláir agus faoi dheiseanna a dearadh duitse agus do do mhic léinn.

Scagairí
Filters Youth
Na torthaí a fuarthas:11

AN CLÁR UM SCOIL AMBASADÓRA

Spriocaois Ó 14 - Go dtí 18 raon blianta Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga

An daonlathas Eorpach a thabhairt isteach go díreach i do sheomra ranga le hábhar oideachasúil idirghníomhach, cluichí, oiliúint agus gníomhaíochtaí chun cabhrú le do dhaltaí tuilleadh a fhoghlaim faoin Aontas Eorpach agus conas teagmháil a dhéanamh leis an bParlaimint agus lena Feisirí agus páirt a ghlacadh sa daonlathas.

Déan mol rannpháirteach, nasctha le daonlathas na hEorpa de do scoil inniu, agus faigh stádas mar Scoil Ambasadóra agus cruthaigh naisc fhadtéarmacha leis an bParlaimint agus le Scoileanna eile Ambasadóra ar fud na hEorpa.

Glac páirt in EPAS

EUROSCOLA

Spriocaois Ó 14 - Go dtí 18 raon blianta Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha DE, EN, ES, FR, IT Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú

Tugann an t-imeacht sin daltaí ardscoile - agus múinteoirí! - le chéile in Strasbourg chun saincheisteanna tábhachtacha na hEorpa a phlé díreach mar a dhéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. I láthair na huaire, is ar líne amháin a bhíonn na cruinnithe sin ar siúl.

Faigh tuilleadh eolais faoi Euroscola agus conas páirt a ghlacadh ann!

Cainteanna don Óige ar líne

Spriocaois Ó 16 - Go dtí 26 raon blianta Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga
Buail le do ghrúpa ó pé áit ina bhfuil tú chun freagraí a fháil ar do cheisteanna faoi Pharlaimint na hEorpa.
Glac páirt sna Cainteanna don Óige Ar líne
VISSEM Youth Seminar - IDEALABS

Seimineáir don Aos Óg

Spriocaois Ó 16 - Go dtí 26 raon blianta Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha DE, EN, FR Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú
Faigh amach níos mó faoi Pharlaimint na hEorpa, déan plé le hEorpaigh óga eile ar na saincheisteanna is tábhachtaí agus roinn do chuid réiteach le Feisire de Pharlaimint na hEorpa. 
Déan iarraidh ar sheimineár!

Turas digiteach go Parlaimint na hEorpa

Spriocaois Gach aois Suíomh Online Teanga/Teangacha Gach teanga

Cuir eolas ar Pharlaimint na hEorpa i 360°, caith lá in éineacht le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus téigh ar d’aistear féin siar trí stair na hEorpa. Pé áit ina bhfuil tú. Pé uair is mian leat. Cuir tús leis inniu!

Tuilleadh eolais faoin Turas Digiteach go Parlaimint na hEorpa

CLUICHE RÓLGHLACTHA

Spriocaois Aois íosta 14 raon blianta Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga

Cad a dhéanfadh do dhaltaí dá mb’ Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa iad ar feadh lá amháin? Is féidir le daltaí meánscoile cuairt a thabhairt ar an mBruiséil agus ar Strasbourg agus dianchúrsa a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar dlíthe na hEorpa.

Glac páirt sa Chluiche Rólimeartha

TABHAIR CUAIRT AR PHARLAIMINT NA hEORPA

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga

Is baile gach duine í Parlaimint na hEorpa. Má thagann tú go dtí an Bhruiséil, Strasbourg nó Lucsamburg, tabhair cuairt ar roinnt de na háiteanna is samhailtí amhail an Seomra Tionóil, Áras Stair na hEorpa nó an Parlamentarium. Is féidir leat Europa Experiences a aimsú i roinnt Ballstáit chomh maith!

Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa
Children

Tabhair Cuairt ar Áras Stair na hEorpa

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar an láthair agus ar Líne Teanga/Teangacha DE, EN, FR, NL

Tar go dtí Áras Stair na hEorpa in éineacht le do dhaltaí! Faigh amach leo faoinár dtaispeántais agus faoinár ngníomhachtaí agus an ról atá ag an stair sa domhan seo againne á fhoghlaim.

Faigh amach conas cuairt a thabhairt ar Áras Stair na hEorpa

An tArdán Eorpach um Oideachas Scoile

Spriocaois Aois íosta 18 raon blianta Suíomh Ar líne, ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga

Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

Glac páirt ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile

An Óige agus an tAontas - Suirbhé

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha EN

Cuir eolas ar na tuairimí atá ag Eorpaigh óga faoin Aontas

Tuilleadh eolais faoi shuirbhé na n-óg

TUILLEADH DEISEANNA AE DON ÓIGE

Spriocaois Ó 16 - Go dtí 30 raon blianta Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga

Ar chuala tú riamh trácht ar na cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach? Ar mhaith leat tuilleadh deiseanna don aos óg a chuireann institiúidí eile de chuid an Aontais ar fáil a aimsiú? Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus faigh tuileadh eolais.

Faigh tuilleadh eolais