FAOI EPAS

Foghlaim tuilleadh faoi dhaonlathas parlaiminteach na hEorpa, eagraigh agus bí páirteach i ngníomhaíochtaí praiticiúla a bhaineann leis an Aontas, agus déan teagmháil le do phobal agus le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Is é seo an méid atá ar fáil leis an gclár.

Tuilleadh eolais faoi EPAS

LÍONRA EPAS

Foghlaim faoi na scoileanna ar fud an Aontais agus i do thír féin atá páirteach sa chlár. Is féidir leat dul i gcomhar le scoileanna eile chun daonlathas parlaiminteach na hEorpa a chur chun cinn, dea-chleachtais a mhalartú agus dul i dteagmháil le bhur bpobail.

Cuardaigh scoileanna ambasadóra

ACMHAINNÍ FOGHLAMA

Gach eolas a bhí uait riamh faoin Aontas : a Bhallstáit, stair, luachanna, agus an tionchar atá aige ar do shaol laethúil. Foghlaim tuilleadh faoin mbréagnuacht, déan tástáil ar an méid atá ar eolas agat trí thráth na gceist ar líne, agus cuir tú féin in áit Feisire de Pharlaimint na hEorpa.

Faigh tuilleadh eolais faoi na hábhair oideachais

Teachtaireacht an Uachtaráin Metsola chuig Líonra EPAS

Tá teachtaireacht ag Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, do na múinteoirí agus na daltaí go léir atá páirteach i gclár EPAS. Is ceangal é an tionscnamh seo idir an tAontas Eorpach agus a shaoránaigh, agus an daonlathas parlaiminteach agus rannpháirtíocht na n-óg á gcur chun cinn ag an am céanna.

Lean ár gcainéal Facebook!