Az európai ifjúsági Nagy Károly-díj
Bronntar Duais Eorpach Charlemagne don Óige gach bliain ar thionscadail faoi stiúir na hóige a chothaíonn an daonlathas, a chuireann an tsaoránacht ghníomhach chun cinn agus a thugann pobail le chéile. Déanann an Duais ceiliúradh ar an obair chumhachtach a dhéanann daoine óga ó lá go lá chun féiniúlacht chomhroinnte Eorpach a mhúnlú agus chun tionchar buan a imirt ar thodhchaí na hEorpa.
Eagraíonn Parlaimint na hEorpa an Duais i gcomhpháirt leis an bhFondúireacht um Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne in Aachen.
Chun páirt a ghlacadh i nDuais Eorpach Charlemagne don Óige, ní mór duit:
- Tionscadal Eorpach a bheith agat ar mian leat iarratas a dhéanamh ina leith;
- A bheith idir 16 agus 30 bliain d’aois;
- A bheith i do chónaí i gceann de Bhallstáit an Aontais - Is féidir tionscadal a chur isteach mar iarrthóir aonair, nó thar ceann eagraíochta nó grúpa daoine óga.
Déanfaidh an giúiré náisiúnta sa Bhallstát ina gcuirtear tionscadail isteach meastóireacht orthu ar dtús, agus ainmneoidh siad tionscadal amháin le cur chun cinn. Roghnóidh an Giúiré Eorpach trí bhuaiteoir Eorpacha as na 27 mbuaiteoir náisiúnta, agus bronnfar duais de suas le €7500 orthu.