CISTIÚ
An bhfuil deontas á lorg agat chun do thionscadal a fhorbairt nó páirt a ghlacadh inár n-imeachtaí? Féach ar roghnú Pharlaimint na hEorpa agus cuir tús leis an gcéad eachtra Eorpach eile a phleanáil!
-
* Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Tá roinnt slite ann chun síntiús a fháil chun páirt a ghlacadh in EYE.
- Mar ghrúpa óige nó mar eagraíocht óige: is féidir iarratas a dhéanamh chun gníomhaíocht a óstáil ag EYE. Má ghlactar leis an moladh, clúdófar na costais taistil agus lóistín go páirteach. Sheol Parlaimint na hEorpa an ghairm do EYE2027 i mí Mheán Fómhair 2026. Tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EYE.
- Mar chuid de ghrúpa nó d’eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas, ó cheantair iargúlta nó thuaithe, ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, is féidir iarratas a chur isteach chun maoiniú a fháil chun páirt a ghlacadh san imeacht. Seolfaidh Parlaimint na hEorpa an ghairm do EYE2027 i mí Dheireadh Fómhair 2026. Tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EYE.
- Mura mian leat gníomhaíocht a eagrú agus mura gcomhlíonann tú na riachtanais do na grúpaí óige faoi ghannionadaíocht, b’fhéidir go smaoineofá ar dhul i dteagmháil le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ar féidir leo grúpaí daoine óga a thabhairt chuig EYE agus a gcostais a íoc. Sa phróiseas sin, ní mór duit scríobh chuig Feisirí aonair de Pharlaimint na hEorpa agus a sheiceáil an bhfuil siad ar fáil. Tá liosta d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa anseo.
- Bíonn rannpháirtithe aonair freagrach as a speansais taistil agus lóistín féin in Strasbourg, cé go bhfuil cead isteach san imeacht saor in aisce. Beifear in ann clárú ó mhí Feabhra 2027.
* Minicíocht: Uair gach dhá bhliain.
* Maoiniú: D’fhéadfadh sé a bheith éagsúil ag brath ar an ngairm.
* An bhfuil mé incháilithe? Bíonn na critéir incháilitheachta éagsúil ag brath ar na gairmeacha. Faigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EYE. -
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
• Chun páirt a ghlacadh in Euroscola ní mór duit páirt a ghlacadh i bpróiseas roghnúcháin, a tharlaíonn i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh ag amanna éagsúla. Más rud é go n-éiríonn leatsa nó le do ghrúpa tá sibh incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil chun freastal ar imeacht Euroscola in Strasbourg.
• Cuirfidh Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLO) i do thír rialacha an chomórtais ar fáil duit, ós rud é go bhfuil siad éagsúil ó thír go tír. Más rud é gur as Ballstát is iarrthóir thú téigh i dteagmháil linn go díreach.
Urraíocht:Faigheann daltaí, múinteoirí leo agus iriseoirí creidiúnaithe an méid céanna in aghaidh an duine ag glacadh páirt i seisiún Euroscola. Caithfear fóirdheontais faighte ó fhoinsí eile a ligeann don ghrúpa páirt a ghlacadh in Euroscola a dhearbhú d’fhoireann Euroscola agus féadfar iad sin a asbhaint ón méid a íocfaidh an Pharlaimint.
Gheobhaidh gach rannpháirtí:
- méid le haghaidh costas taistil a mheas bunaithe ar mheánfhad idir Strasbourg agus pointe fágála an ghrúpa.
- EUR 66 le haghaidh costas óstáin ach amháin má fhanann an grúpa thar oíche chun páirt a ghlacadh san imeacht.
- EUR 44 le haghaidh bia agus mionchostais eile.
An bhfuilim incháilithe: Is féidir urraíocht a thabhairt do ghrúpaí de suas le 24 mhac léinn agus beirt mhúinteoirí in aghaidh na tíre (cé is moite de mhic léinn faoi mhíchumas, ar féidir le duine tionlacain teacht leo agus cuirfear urraíocht ar fáil don té sin freisin).
-
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
• Foilsíonn Parlaimint na hEorpa glao ar dheontais don óige uair gach dara bliain, mar ar féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí óige tionscadail chumarsáide a chur isteach le go ndéanfaí iad a bhreithniú. Déantar téamaí agus tosaíochtaí a shainiú le haghaidh gach glao, ach de ghnáth leanann siad tosaíochtaí cumarsáide Pharlaimint na hEorpa, tosaíochtaí amhail: An chomhdháil ar thodhchaí na hEorpa, na toghcháin Eorpacha etc.
Déantar an glao ar dheontais a fhoilsiú anseo - https://www.europarl.europa.eu/contracts-and-grants/ga/grants/media-and-eventsMinicíocht: Uair gach dara bliain. Féadtar glaonna speisialta a fhoilsiú roimh na toghcháin Eorpacha.
Urraíocht: Déanann gach eagraíocht meastachán a sholáthar de bhuiséad iomlán an tionscadail mholta. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa sciar den bhuiséad sin a chistiú. Is é an coiste meastóireachta, atá déanta suas d’fhoireann na Parlaiminte, an cinneadh maidir le cibé an ndéanfar airgead a bhronnadh ar an iarrthóir agus maidir le cá mhéad airgid a bhronnfar.
An bhfuilim incháilithe: Roghnófar na tionscadail leis an rangú is airde. Cuirfear san áireamh cothromaíocht gheografach agus cothromaíocht iarratas ag eagraíochtaí náisiúnta/áitiúla agus eagraíochtaí uile-Eorpacha. -
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Chun páirt a ghlacadh i nDuais Eorpach Charlemagne don Óige, beidh ort:
• Tionscadal Eorpach a bheith agat ar mhaith leat a úsáid chun cur isteach ar an duais;
• A bheith idir 16 agus 30 bliain d’aois;
• A bheith i do chónaí i mBallstáit AE.
Is féidir leat tionscadal a chur isteach mar iarratasóir aonair nó thar ceann eagraíochta nó grúpa de dhaoine óga. Is éard atá sa chéad bhabhta ná roghnúchán náisiúnta, agus ansin bíonn an dara babhta ann ina roghnaítear an tionscadal is fearr as measc na mBallstát chun dul in iomaíocht le chéile. Tugtar cuireadh do na trí iomaitheoir is fearr freastal ar shearmanas bronnta in Aachen, agus is ann a fhógraítear an buaiteoir. Téigh chuig suíomh gréasáin Dhuais Charlemagne don Óige le haghaidh tuilleadh faisnéise.Minicíocht: Uair sa bhliain.
Urraíocht: An chéad áit: €7500. An dara háit: €5000. An tríú háit: €2500. Tabharfar cuireadh do na trí iomaitheoir is fearr teacht chuig an Searmanas Bronnta in Aachen, agus chuig Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil nó in Strasbourg.
An bhfuilim incháilithe: Maidir le haon tionscadal a chuireann chun cinn an comhar agus an tuiscint laistigh den Eoraip agus go hidirnáisiúnta, agus atá eagraithe ag daoine idir 16 agus 30 bliain d’aois ó Bhallstát AE, tá sé incháilithe le cur isteach.