EAGRAÍOCHTAÍ

An bhfuil d'eagraíocht óige ag lorg na chéad mhórdheise eile? Faigh amach conas is féidir le Parlaimint na hEorpa cabhrú leat! Bí i dteagmháil le heagraíochtaí eile ó gach cearn den Eoraip, foghlaim óna chéile agus aimsigh na deiseanna atá ann a chuideoidh libh bhur smaointe a réadú.

Scagairí
Scagairí
Grúpa daoine óga le linn an Imeachta Líonra don Óige sa Bhruiséil

YOUTH NETWORK EVENT

Spriocaois Minimum 18 years Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha EN Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú

An bhfuil tú páirteach in eagraíocht óige atá ag iarraidh an Eoraip a athrú ar mhaithe le feabhas a chur ar an Eoraip? Tagaimis le chéile chun nascadh, smaointe a roinnt agus an tslí a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa a mhúnlú le daoine óga agus le heagraíochtaí óige cosúil le d’eagraíochtsa.

Glac páirt san Imeacht Líonraithe don Óige
European Youth Event 2014 in Strasbourg - Yo!Fest - EYE

EYE (IMEACHT EORPACH DON ÓIGE)

Spriocaois From 16 - To 30 years Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha DE, EN, ES, FR, IT, PL Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú

Tá eagraíochtaí óige i gcroílár EYE! Bí linn chun comhchruthú a dhéanamh ar chlár uathúil na hócáide óige seo a thionóltar go bliantúil i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg agus ar a bhfreastalaíonn na mílte daoine óga ó gach cearn den Eoraip.

Glac páirt in EYE

EYE ONLINE

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha EN

Tugann EYE ar líne deis uathúil do dhaoine óga bualadh le daoine cosúil leosan go fíorúil ar fud na hEorpa. Déan tuairimí a mhalartú, smaointe a roinnt agus tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn daonlathas na hEorpa, is cuma cá bhfuil tú!

Foghlaim faoi EYE Ar líne
European Youth Event 2018 - #EYE2018 - EYE Social Media Lab - Exhibition: #EYE2018 Instagram photo contest

YOUTHIDEAS.EU

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga

Anois, is féidir le daoine óga a dtuairimí agus a smaointe a roinnt maidir le hEoraip an lae amárach. Is áit é Youth Ideas chun do chuid smaointe a roinnt le daoine as gach cearn den Eoraip, páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus do ghuth a chur in iúl.

Cuir eolas ar na smaointe uile agus roinn do cheannsa

DUAIS EORPACH CHARLEMANGE DON ÓIGE

Spriocaois From 16 - To 30 years Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú

An bhfuil aithne agat ar dhuine óg atá ag obair ar thionscadal a chuidíonn le múnlú na hEorpa? Bronnann Duais Eorpach Charlemagne don Óige tionscadail iontacha faoi stiúir daoine óga, lena dtugtar aitheantas agus luach saothair dá gcuid oibre chun daonlathas na hEorpa a neartú.

Cuir iarratas isteach!
VISSEM Youth Seminar - IDEALABS

Seimineáir don Aos Óg

Spriocaois From 16 - To 26 years Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha DE, EN, FR Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú
Faigh amach níos mó faoi Pharlaimint na hEorpa, déan plé le hEorpaigh óga eile ar na saincheisteanna is tábhachtaí agus roinn do chuid réiteach le Feisire de Pharlaimint na hEorpa. 
Déan iarraidh ar sheimineár!

Cainteanna don Óige ar líne

Spriocaois From 16 - To 26 years Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga
Buail le do ghrúpa ó pé áit ina bhfuil tú chun freagraí a fháil ar do cheisteanna faoi Pharlaimint na hEorpa.
Glac páirt sna Cainteanna don Óige Ar líne

CLUICHE RÓLGHLACTHA

Spriocaois From 14 - To 18 years Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga

Cuir tú féin in áit Feisire de Pharlaimint na hEorpa! Tugtar cuireadh do dhaltaí meánscoile cuairt a thabhairt ar an mBruiséil agus foghlaim conas a dhéantar dlíthe Eorpacha trí chaibidlíocht a dhéanamh ar reachtaíocht nua don Aontas Eorpach.

Glac páirt sa Chluiche Rólimeartha

POIST

Spriocaois Minimum 22 years Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha DE, EN, FR

An dteastaíonn uait cur leis an taithí sin agus oibriú le haghaidh Pharlaimint na hEorpa le conradh ar théarma seasta? Tabhair cuairt ar an nós imeachta roghnúcháin a eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) chun tuilleadh eolais a fháil amach.

Faigh amach conas post a bhaint amach i bParlaimint na hEorpa!
Tá mionsamhail duine ina shuí i gcarn euro anseo

CISTIÚ

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga

Cuireann Parlaimint na hEorpa raon leathan deiseanna urraíochta ar fáil ionas gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh inár n-imeachtaí. Breathnaigh ar na riachtanais iontrála agus tosaigh ag pleanáil do do chéad eachtra Eorpach eile le cuidiú Pharlaimint na hEorpa!

Tuilleadh eolais faoi mhaoiniú

TUILLEADH DEISEANNA AE DON ÓIGE

Spriocaois From 16 - To 30 years Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha Gach teanga

Ar chuala tú riamh trácht ar na cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach nó DiscoverEU? Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, chun tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna óige a thairgeann institiúidí eile AE!.

Faigh amach faoi na deiseanna don óige san Eoraip agus lasmuigh den Eoraip

TABHAIR CUAIRT AR PHARLAIMINT NA hEORPA

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga

Is baile gach duine í Parlaimint na hEorpa. Má thagann tú le do ghrúpa go dtí an Bhruiséil, Strasbourg nó Lucsamburg, tabhair cuairt ar roinnt de na háiteanna is samhailtí amhail an Seomra Tionóil, Áras Stair na hEorpa nó an Parlamentarium.

Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa

AN ÓIGE & POLITICS – TUARASCÁIL

Spriocaois Gach aois Suíomh Ar líne Teanga/Teangacha EN

Faigh amach cad a cheapann Eorpaigh óga faoi pholaitíocht na hEorpa agus faoin ról atá acu inti!

Foghlaim faoi shuirbhé na h-óige

Local EYEs

Spriocaois From 16 - To 30 years Suíomh Ar an láthair Teanga/Teangacha Gach teanga Tionscadal a fuair maoiniú Cistiú

Trí imeachtaí EYE áitiúla, tugtar an Eoraip níos cóngaraí do dhaoine óga agus tugtar EYE chuig do bhaile dúchais. An bhfuil tú páirteach in eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta nó in eagraíocht don óige? Déan iarratas chun an chéad chruinniú eile d’Eorpaigh óga a eagrú i do bhaile dúchais!

Glac páirt sna himeachtaí EYE áitiúla

Turas digiteach go Parlaimint na hEorpa

Spriocaois Gach aois Suíomh Online Teanga/Teangacha Gach teanga

Cuir eolas ar Pharlaimint na hEorpa i 360°, caith lá in éineacht le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus téigh ar d’aistear féin siar trí stair na hEorpa. Pé áit ina bhfuil tú. Pé uair is mian leat. Cuir tús leis inniu!

Tuilleadh eolais faoin Turas Digiteach go Parlaimint na hEorpa