Is leatsa a thosaíonn sé

Limistéar diaporama

Faigh amach faoi thairiscint Pharlaimint na hEorpa do dhaoine óga

An dteastaíonn uait bualadh le daoine nua, taisteal agus taithí nua a bheith agat? An bhfuil smaoineamh agat a d’fhéadfadh an Eoraip a athrú, nó an dteastaíonn uait níos mó a fhoghlaim faoi conas a oibríonn daonlathas na hEorpa? Cibé rud atá uait, tá rud éigin ag tarlú i bParlaimint na hEorpa – agus tugtar cuireadh do gach duine.

AN ÓIGE

An bhfuil tú idir 16 agus 30 bliain d’aois agus an bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi ról Pharlaimint na hEorpa, bualadh le hEorpaigh óga eile nó páirt a ghlacadh sa díospóireacht pholaitiúil? Faigh amach cad atá ar fáil agus glac páirt.

Féach ar na cláir do dhaoine óga

OIDEOIRÍ

An oideoir foirmiúil nó neamhfhoirmiúil thú? An bhfuil tú ag lorg uirlisí, oiliúna agus imeachtaí chun tuiscint níos fearr a thabhairt do do mhic léinn ar an Aontas Eorpach ar bhealach idirghníomhach? Faigh amach faoi chláir agus faoi dheiseanna a dearadh duitse agus do do mhic léinn.

Féach ar na cláir d’oidí

EAGRAÍOCHTAÍ

An bhfuil d'eagraíocht óige ag lorg deis mhaith nua? Faigh amach cad is féidir le Parlaimint na hEorpa a dhéanamh daoibhse agus cuidigh le daoine óga a dtuairimí a chur in iúl!

Féach ar na cláir d’eagraithe

I DO THÍR

Faigh amach faoi chláir i do thír agus coinnigh ar an eolas faoi nuacht, faisnéis, imeachtaí agus tionscnaimh atá cóngarach duitse ar chúrsaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach.

Tabhair cuairt ar an Oifig Eorpach Idirchaidrimh i do thírse

CISTIÚ

Cuireann Parlaimint na hEorpa raon leathan deiseanna urraíochta ar fáil ionas gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh inár n-imeachtaí. Breathnaigh ar na riachtanais iontrála agus tosaigh ag pleanáil do do chéad eachtra Eorpach eile le cuidiú Pharlaimint na hEorpa!

Tabhair cuairt ar an leathanach cistiúcháin
logo together

Bí páirteach sa phobal! /Faigh amach faoi na himeachtaí

Tá daoine cosúil leatsa ag seasamh an fhóid chun beart a dhéanamh le haghaidh todhchaí níos fearr a bhaint amach. Glac páirt sa phobal, bíodh sé trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil nó trí chabhrú le tábhacht na vótála a chur chun cinn. Glac páirt, déan teagmhálacha. Tabhair do thuairim faoin Eoraip