AN ÓIGE
An bhfuil tú idir 16 agus 30 bliain d'aois? An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi ról Pharlaimint na hEorpa, bualadh le hEorpaigh óga eile nó páirt a ghlacadh sa díospóireacht pholaitiúil? Bí i dteagmháil le daoine eile, glac páirt agus faigh amach faoi thodhchaí atá lán de dheiseanna don óige.
DUAIS EORPACH CHARLEMANGE DON ÓIGE
An duine tusa atá ina chónaí san Aontas, atá idir 16 agus 30 bliain d’aois agus atá ag obair ar thionscadal faoi stiúir na n-óg a chabhraíonn leis an daonlathas a chothú, saoránacht ghníomhach a chur chun cinn, agus pobail a thabhairt le chéile? D’fhéadfá Duais Eorpach Charlemagne don Óige a bhuachan ar ball! Cuir isteach ar an duais!
POIST
CISTIÚ
Cuireann Parlaimint na hEorpa raon leathan deiseanna urraíochta ar fáil ionas gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh inár n-imeachtaí. Breathnaigh ar na riachtanais iontrála agus tosaigh ag pleanáil do do chéad eachtra Eorpach eile le cuidiú Pharlaimint na hEorpa!
TUILLEADH DEISEANNA AE DON ÓIGE
Ar chuala tú riamh trácht ar na cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach? Ar mhaith leat tuilleadh deiseanna don óige a chuireann institiúidí eile de chuid an Aontais ar fáil a aimsiú? Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus faigh tuileadh eolais.