OIDEOIRÍ
An oideoir foirmiúil nó neamhfhoirmiúil thú? An bhfuil tú ag lorg gníomhaíochtaí, acmhainní oiliúna agus foghlama chun tuiscint níos fearr a thabhairt do do mhic léinn ar an Aontas Eorpach ar bhealach idirghníomhach? Faigh amach faoi chláir agus faoi dheiseanna a dearadh duitse agus do do mhic léinn.

ÁBHAIR AGUS ACMHAINNÍ OIDEACHAIS
Faigh amach faoi acmhainní foghlama idirghníomhacha chun uirlisí a chur ar fáil duit chun múineadh faoin Aontas Eorpach ar bhealach spraíúil.

Turas digiteach go Parlaimint na hEorpa
Cuir eolas ar Pharlaimint na hEorpa i 360°, caith lá in éineacht le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus téigh ar d’aistear féin siar trí stair na hEorpa. Pé áit ina bhfuil tú. Pé uair is mian leat. Cuir tús leis inniu!

EUROSCOLA
Tugann an t-imeacht sin daltaí ardscoile - agus múinteoirí! - le chéile in Strasbourg chun saincheisteanna tábhachtacha na hEorpa a phlé díreach mar a dhéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. I láthair na huaire, is ar líne amháin a bhíonn na cruinnithe sin ar siúl.

An tArdán Eorpach um Oideachas Scoile
Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

CISTIÚ
Cuireann Parlaimint na hEorpa raon leathan deiseanna urraíochta ar fáil ionas gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh inár n-imeachtaí. Breathnaigh ar na riachtanais iontrála agus tosaigh ag pleanáil do do chéad eachtra Eorpach eile le cuidiú Pharlaimint na hEorpa!

CLUICHE RÓLGHLACTHA
Cad a dhéanfadh do dhaltaí dá mb’ Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa iad ar feadh lá amháin? Is féidir le daltaí meánscoile cuairt a thabhairt ar an mBruiséil agus ar Strasbourg agus dianchúrsa a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar dlíthe na hEorpa.

AN CLÁR UM SCOIL AMBASADÓRA
An daonlathas Eorpach a thabhairt isteach go díreach i do sheomra ranga le hábhar oideachasúil idirghníomhach, cluichí, oiliúint agus gníomhaíochtaí chun cabhrú le do dhaltaí tuilleadh a fhoghlaim faoin Aontas Eorpach agus conas teagmháil a dhéanamh leis an bParlaimint agus lena Feisirí agus páirt a ghlacadh sa daonlathas.
Déan mol rannpháirteach, nasctha le daonlathas na hEorpa de do scoil inniu, agus faigh stádas mar Scoil Ambasadóra agus cruthaigh naisc fhadtéarmacha leis an bParlaimint agus le Scoileanna eile Ambasadóra ar fud na hEorpa.

LECHEILE.EU
An dteastaíonn uait dul i dteagmháil le hoideoirí eile agus rochtain a bheith agat ar imeachtaí agus ar dheiseanna oiliúna chun cabhrú leat caidreamh níos dlúithe a chruthú idir an tAontas Eorpach agus daoine óga? Bí páirteach sa phobal, agus glac páirt i dtodhchaí an Aontais Eorpaigh.

EYE (IMEACHT EORPACH DON ÓIGE)
Ar mhaith leat taitneamh a bhaint as taithí saoil le do mhic léinn nó le d’fhoireann óige? An mbeadh spéis agat gníomhaíocht nó ceardlann a eagrú? Tar go Strasbourg agus glac páirt in EYE. Ná caill glaonna EYE chun cabhrú leat ó thaobh airgid de.

Cainteanna don Óige ar líne

TABHAIR CUAIRT AR PHARLAIMINT NA hEORPA
Is baile gach duine í Parlaimint na hEorpa. Má thagann tú go dtí an Bhruiséil, Strasbourg nó Lucsamburg, tabhair cuairt ar roinnt de na háiteanna is samhailtí amhail an Seomra Tionóil, Áras Stair na hEorpa nó an Parlamentarium. Agus tá tuilleadh ann!

Tabhair Cuairt ar Áras Stair na hEorpa
Tar go dtí Áras Stair na hEorpa in éineacht le do dhaltaí! Faigh amach leo faoinár dtaispeántais agus faoinár ngníomhachtaí agus an ról atá ag an stair sa domhan seo againne á fhoghlaim.

Cluiche Fíorúil Rólghníomhaíochta
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus eolas a chur ar an bpróiseas cinnteoireachta díreach ón seomra ranga nó óna bpobal tríd an gcluiche ar líne seo. Tá treoirleabhar d’éascaitheoir ar fáil i 24 theanga.

An Óige agus an tAontas - Suirbhé
Cuir eolas ar na tuairimí atá ag Eorpaigh óga faoin Aontas

TUILLEADH DEISEANNA AE DON ÓIGE
Ar chuala tú riamh trácht ar na cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach? Ar mhaith leat tuilleadh deiseanna don aos óg a chuireann institiúidí eile de chuid an Aontais ar fáil a aimsiú? Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus faigh tuileadh eolais.