Oiliúint d’oideoirí

Eagraíonn Parlaimint na hEorpa seimineáir agus oiliúint ar an láthair agus ar líne chun deis a thabhairt duit do scileanna gairmiúla a fhorbairt, líonrú a dhéanamh le hoideoirí eile agus leideanna agus cleasanna a chur ar fáil duit chun múineadh faoin Eoraip ar bhealach idirghníomhach.

  1. An bhfuil suim agat i dtairiscint foghlama Áras Stair na hEorpa ach ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil fúithi? Eagraímid seisiúin eolais agus oiliúint do mhúinteoirí ar líne agus ar an láthair. Le linn na seisiún sin, cuirfear tús leis an tairiscint foghlama go ginearálta agus cuirfear eolas ar ár gceardlanna téamacha. Gné lárnach dár gcur chuige i leith na foghlama is ea an ról cumhachtach atá ag an stair chun saol an lae inniu a iniúchadh agus a mheasúnú.
  2. Pobal uile-Eorpach is ea lechéile.eu a spreagann saoránaigh chun bheith rannpháirteach sa daonlathas. Téigh i dteagmháil le hoideoirí eile chun rochtain a bheith agat ar imeachtaí agus ar dheiseanna oiliúna chun cabhrú leat caidreamh níos dlúithe a chruthú idir an tAontas Eorpach agus do dhaltaí.
  3. Faoi chuimsiú an chláir um Scoil Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa, cuireann Parlaimint na hEorpa seimineáir agus ceardlanna ar líne agus ar an láthair ar fáil chun cabhrú leat an Eoraip a thabhairt isteach sa seomra ranga, líonrú a dhéanamh agus tionscadail trasteorann a chur chun cinn.