Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach
Cuimsíonn an uirlis oideachais "Europe@school" ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach, treoir do mhúinteoirí agus seacht modúl neamhspléach. In gach modúl, tá treoirlínte agus ábhar chun cabhrú le oidí topaicí éagsúla faoin AE a mhúineadh.
-
Is é is aidhm don chluiche seo eolas a chur ar Bhallstáit AE. Oibríonn na daltaí i bhfoirne chun an cód a scaoileadh chomh tapa agus is féidir. Tá sé mar aidhm leis an gcleachtadh fiosracht na ndaltaí a spreagadh chun a fháil amach cad iad na tíortha ar Baill de AE iad i ndáiríre. Fad measta: 40 nóiméad
-
Is cluiche cártaí ‘ceist agus freagra’ é seo ina bhfuil ceisteanna faoi AE agus faoina stair. Spreagann an cluiche seo na daltaí chun freagraí na gceisteanna a chur de ghlanmheabhair agus, dá bhrí sin, eolas a fháil faoi AE agus iad ag imirt. Fad measta: 40 nóiméad
-
Treoirlínte do mhúinteoirí don chluiche cártaí faoi stair an Aontais agus fíricí faoi
-
Cluiche Oideachasúil (Stair an Aontais agus fíricí faoi)
-
Cur i láthair (Stair an Aontais agus fíricí faoi)
-
Amlíne AE - Amlíne inphriontáilte de phróiseas lánpháirtiú na hEorpa ( Conarthaí an Aontais")
-
Amlíne AE - Amlíne inphriontáilte de phróiseas lánpháirtiú na hEorpa (Tíortha)
-
-
Tá an cluiche seo dírithe ar chásanna ina dtagann daltaí ar AE ina saol laethúil, lena n-áirítear roinnt samplaí nithiúla de reachtaíocht AE. Sa chluiche díbeartha seo, caithfidh daltaí a chur in iúl maidir le gach sampla cé acu a cheapann siad nó nach gceapann siad gur reachtaíocht AE é. Fad measta: 20 nóiméad