Buaiteoirí 2023

image-from-the-document-manager-1

Buaiteoirí náisiúnta 2023

Léigh faoi na tionscadail náisiúnta go léir is buaiteoirí.

Buaiteoirí 2022

Bhuaigh ‘Orquestra Sem Fronteiras’ [GA: Ceolfhoireann gan Teorainneacha] ón bPortaingéil an chéad duais, ar tionscadal é a chuireann comhar trasteorann chun cinn idir an Phortaingéil agus an Spáinn, trí cheol daoine óga tréitheacha atá ina gcónaí sa dá thír, chun éagothromaíochtaí sóisialta agus cultúrtha a mhaolú.

Bhuaigh tionscadal ‘Politika (nejen) pro mladé’ [GA: Polaitíocht (Ní hamháin) don Óige] ó Phoblacht na Seice an dara duais, ar tionscadal é lena dtugtar le chéile polaiteoirí óga ó gach cearn den speictream polaitiúil chun díospóireacht a dhéanamh ar an bpolaitíocht, ar an daonlathas agus ar chearta an duine, agus é ag iarraidh sochaí shibhialta eolasach agus ghníomhach a bhaint amach.

Bhuaigh an tionscadal Gearmánach ‘Spiorad na hÚcráine - Sféar poiblí Eorpach’, an tríú duais, ar tionscadal é a eagraíodh trí Democracy International. Tríd an tionscadal sin, a bhí ar siúl ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2021, tugadh daoine as 36 thír le chéile le haghaidh plé fíorúil ar an daonlathas, ar an bhforbairt agus ar lánpháirtiú na hEorpa, rud a tharraing aird ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin. D’fhoilsigh siad roinnt de na tograí a cuireadh ar fáil ar ardán COFOE

Achoimre ar thionscadail bhuaiteoirí náisiúnta 2022 (EN)

Buaiteoirí 2021

Fuair an tionscadal Fakescape ó Phoblacht na Seice an chéad duais, ar tionscadal é ina n-úsáidtear cluichí chun daoine óga a mhúineadh conas smaoineamh go criticiúil agus an bhréagnuacht a aimsiú.

Fuair Generation Z ón Rómáin an dara duais, ar tionscadal é a thug daoine óga le chéile le scoláirí agus le pearsantachta chun fiosracht, smaointeoireacht chriticiúil agus saorchaint a spreagadh, chomh maith le hidirphlé idirghlúine.

Fuair EuroInclusion ón Spáinn an tríú duais. Is clár malartaithe é atá dírithe ar dhaoine óga san Eoraip agus tá sé mar aidhm leis lánpháirtiú iomlán sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil na saoránach faoi mhíchumas a bhaint amach in Eoraip atá saor, éagsúil agus aontaithe.

Buaiteoirí 2020

Bailíonn an tionscadal Gearmánach Cartlann Ghuthanna na hEorpa athinsint ó bhéal ar an stair ó dhaoine a rugadh roimh 1945.

Fuair an Fhrainc leis an tionscadal ag Bogadh i dtreo Seirbhís Shibhialta Eorpach an dara duais, ar comhlachas é a chabhraíonn le daoine óga san Eoraip obair dheonach a dhéanamh sa bhaile agus i dtíortha eile agus é mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin shochaíocha, amhail an comhshaol.

Fuair Madeleina Kay (an Ríocht Aontaithe), ar a dtugtar #EUsupergirl, an tríú duais leis an tionscnamh ‘Is í an Eoraip an Todhchaí’.

Buaiteoirí roimhe seo de Dhuais Charlamagne don Óige (ar fáil i dteangacha uile an Aontais arna iarraidh sin)